The death of children (Irish)
A translation of Richard Berengarten’s poem ‘The death of children’
by Gabriel Rosenstock
The death of children (Irish)
The death of children (Irish)
Bás Leanaí
Bás leanaí is mó a mhaslaíonn
an ceart agus an nádúr. Ná fiafraigh canathaobh.
Ní thuigeann éinne beo an ceart.
Cén pionós atá ina chúiteamh?
Níl míniú ná leithscéal ar bith ann.
Bás leanaí is mó a mhaslaíonn sinn.
An té a bhfuil argóintí aige is dóigh leis
Go bhfuil línte na cinniúna léite aige. Mionnaímid
In ainm an chirt gan aon eolas againn
Ar aon chor de chora na cinniúna. Bréagadóir
A chosnódh iad le teann réasúnaíochta.
Bás leanaí is mó a mhaslaíonn sinn.
Níl na beathaí beaga gearrshaolacha sin tuillte
Ag an mbás, a deir na tuismitheoirí.
Ní thuigeann éinne beo an ceart.
Seo libh mar sin le misneach is sólás. Strainséirí, cairde,
Nach tuismitheoirí sinn go léir nuair a chailltear leanaí?
Ní thuigeann éinne beo an ceart.
Bás leanaí is mó a mhaslaíonn sinn.
Translated by
Gabriel Rosenstock